Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)síad leo buideal den uisge. Deireann na sean daoine go bhfuil an t-uisge go han-mhaith le na thabhairt do ainmidhte a beadh tinn le déanaighe do tháinig beirt misinréirí (?) a bhí i gCill-Fionabhrach go dtí an loch agus do chuireadar a mbeannacht air.
TOBAR NAOMH BRÍGHIDEi mBirchfield Lioscannúir timcheall sé míle ó Innisdíomáin. Ní san áit atá sí anois a bhí an tobar i gcómhnuidhe ach ar an dtaobh eile den mbóthar. Lá amháin do tháinig bean agus do nigh sí a cuid eadaigh le uisge ar an dtobar, agus slan beo mar a n'innstear é ar maidin bhí an tobar imthigte go dtí an taobh eile den bhóthar san áit na bhfuil sé fós. Tagann na sluaighte daoine ann oidhche an cúigeamhadh lae deag de mí Lúghnasa chun paidreacha do rádh agus turasann do dhéanamh. Deineadh siad turas roimh dul fé de'n ngréin ceann eile tar éis dul fé den ngréin agus ceann eile sar a eirigheann sí ar maidin. Tagann a lán daoine isteach ann ó oileáin Arann agus fanann síad ann i rith na h-oidhche ar fad.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Orgáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Ní Chonóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Seircín, Co. an Chláir