Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do chuaidh bean amach agus do thóg sí buicéad uisge as an sruthán a bhí ag téacht amach as an dtobar beannuighte. Tháinig sí isteach agus do chuir sí an t-uisge ins an gciteal agus do chroch sí ós cionn na teine é. Annsan do chuaidh sí amach i bfeighil a gnótha agus nuair a tháinig sí isteach bhí an citeal ag crocadh ars drom na gcathaoireach. Níor dhein sí ach an t-uisge do thógaint agus do chuir amach arís agus buidheacas mór le Dia ni faca sí aon rud neamh-ghnáthach ó shoin.
TOBAR NAOMH FHLANÁNTá an tobar seo suidhte i gClúna timcheall trí míle go leith ó Innisdíomáin. Tá crainn móra timcheall an tobair ach fadó ní raibh aon crann ann gur tháinig fear ó Luimneach agus gur cur sé ann íad nuair do leighesadh tinneas fiacal a bhí air. Dá bhfeicfeadh duine iasg beag ar bárr an uisge nuair a bíonn sé tar éis turas a dhéanamh sin cómhartha go bhfuigheadh sé a athcuinge.
LOCH FEARGUSI gCill-Mór Cill-Fhionabhrach. Níl aon tobar ann anois; is loch atá ann. Ach 'sé tuairim gach éinne go raibh tobar ann uair amháin agus gur tháinig tuile mór agus gur chuir sé tar maol é, agus gur deineadh loch de. Tá cárnán mór de chlocha in aice leis an loch agus in áirde air tá cathaoir gearrtha isteach i gcarraig mhór agus deirtear go mbíodh Naomh Feargus in a shuidhe ar an gcathaoir. Oidhche lae Bealtaine tagann na cómharsain go léir go dtí an áit deireann síad cúpla paidreacha ann agus beireann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Orgáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Ní Chonóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Seircín, Co. an Chláir