Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 328
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- TOBAR NAOMH BÉHANTá an toabr seo suidhte i gCathairseircín cúpla cead slat óm thig. Tá sé i lár páirce timcheall ceathrú míle ón mbóthar agus ceithre míle ó Innisdíomáin. Tá falla cloch timcheall an tobair agus tá bláthanna deasa ag fás in aice leis.Tá an t-uisge go h-an-mhaith chun é cimilt le súile go mbíonn lag radharc ionnta. Deintear turas ann trí h-uaire dá Domhnach agus Daordaoin nó dá Daordaoin agus Domhnach agus le linn gach turas deirtear Gníomh Creidimh, Ár n-Athair agus Go mbeannuightear duit a Mhuire ag dul timcheall an tobair agus Ár n-Athair uair amháin; Go mbeannuightear duit a Mhuire cúig uaire agus Glóire uair amháin; ; ós chómhair an tobair. Annsan tógtar trí braonacha den uisge agus bíonn an turas críochnuighte.Uair amháin do tháinig fás de saghas éigin i súil fhir sa chomharsanacht . Mícéal Ó Dálaig ab ainm dó. Chuaidh sé go dtí an tobar agus dúbhairt sé cúpla paidreacha. Nuair d'eirig sé chun imtheachta do chimil sé an t-uisge le na shúil - agus cad do thárla an dóigh leat ach do thuit an fás ón a shúil isteach sa tobar.Lá breágh brothallach sa Samhradh cúpla bliadhan ó shoin nuair a bhí an tuisge an gann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Orgáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Ní Chonóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Seircín, Co. an Chláir