Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 307
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baineann a lán nósanna le oidhche Naomh Máirtín mar naomh breagh do b'eadh é agus thug sé a fhuil ar son an tSlánuightheora. Nuair a bhí sé ag múineadh na bPagánach do gortuigheadh é i muil agus fuair sé bás dá bhárr ar an t-aonmhadh lá déag de mhí na Samhna agus ón am san amach deintear a lán coilig óga do mharbhú in ónóir dó agus ní dheineann na muilte aon obair an lá san ach an oiread.
Nuair a deintear an coileach do mharbhú doirtear an fuil ins an gcistean, ins an stábla, i gcró na mbó agus i gcró na muc mar ceaptar go gcoimeádann an fuil sin an bás ó na daoine is ó na hainmhithe. Gheibhtear píosa cadáis freisin agus cuirtear an fuil ann agus cuirtear i gcoimeád é.
Tá sean-creideamhaint ag na daoine mar gheall ar Naomh Máirtín. Deirtear má thuiteann muc tinn agus má chuireann fear a' tighe marc áirithe ar an muc agus má deireann sé le na linn sin go ndoirtfeadh sé fuil na muice in ónóir do Naomh Máirtín go dtiocfaidh an muc slán arís ach má iompáileann sé a aigne agus má deireann sé go gcuirfidh sé an mhuc chun an mhargaidh chun í do dhíol gheobhaidh sí bás.
Bhí fear ann uair amháin agus ní raibh ach aon mhac amháin aige. Tóne ab ainm dó agus do bhí árd-mheas ag an athair air. Thuit muc tinn air agus do gheall an fear go ndoirtfeadh sé fuil na muice in ónóir do Naomh Máirtín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Orgáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Chonóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Seircín, Co. an Chláir