Scoil: Kilfenora (B.) (uimhir rolla 2155)

Suíomh:
Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir
Múinteoir:
P. Mag Fhloinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilfenora (B.)
  2. XML Leathanach 069
  3. XML “Lá Fhéile Stiofáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Óinseach agus ag an Amadán. Bíonn an beirt seo ag deánamh go leór spóirt agus imirt cleas agus ag bualadh gach aoinne leis na "bladders". Bíonn rinnceóir nó peidhre díobh ins an dreamh agus bíonn daoine ins an dreamh in-ann ceól a ghabháil as go leór gleásanna. Siubhalann siad ó áit go h-áit ach bíonn capall bán ag an Taoiseach.
    Nuair a thagann an dream so i sráid-bhaile siubhalann siad suas an sráid le ceól agus séideann siad adharcha. Tosuigheann siad ag an gcéad teach. Deanann siad leath-ciorcall díobh féin mór thimcheall an dorais. Tosnuigheann na ceóltóirí ag seinm ceóil agus cromann na rinnceóirí ag damhsa ar lich an dorais. Anfhaidh is a bhíonn an ceól is an rinnce ar siubhal coimeádann an Óinseach agus an Amadán go paisdí (?) ó'n dorais. Anois buaileann beirt nó triur fear isteach san teach is deireann siad an rann seo:-

    "The Wren, The Wren the King of All Birds
    St Stephen's Day he was caught in the Furze
    Although he be small his family is great,
    Rise up Landlady and give us a Treat,
    Up with the kettle and down with pan...
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Stiofáin (~402)
    Teanga
    Gaeilge