Scoil: Kilfenora (B.) (uimhir rolla 2155)

Suíomh:
Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir
Múinteoir:
P. Mag Fhloinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilfenora (B.)
  2. XML Leathanach 030
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Timpeall seasca is a cúig de bhlianta ó shin bhí fear darbh ainm Liam Ó Faoláin as Tubber ag brionglóid go raibh ór i bhfolach in aice staighre Uí Dhálaigh fé charraig mhór ar an gcósta de Loch Tullach Mac Con.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    [-]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Scéal, scéal ruball ar an éan, lá ar bhacach buidhe bhí fear ann fadó agus fadó a bhí.

    30
    Scéal, scéal ruball ar an éan, lá ar bhacach buidhe bhí fear ann fadó agus fadó a bhí.Seán Mach Domhnaill ab ainm do agus chómhnaigh sé i ngleanntán doimhin uaigneach ag barr Sléibhe Callanáin nó Calláin in aice Sráid na Cathrach.Go dtí san la indiu ann galodtar baile Mhic an Cró ar an ngleanncéadna.Fear fíor bocht a bhí i Seán agus ba cruaidh an saol abhí aige mar bhí sé deachair do shlighe bheatha a bhaint ina leithéid sin de ghleann feadáin.
    Fear a thóg a shaol go bog a bhí ann leis.Do bhiodh sé ag obair go cruaidh i rith an lae ach do chodluigeadh sé go h-eadaartráth la ar na bhárach.Bhíodh sé i gcomhnaidhe ag taibhreamh .Oidhche amháin bhí taibhreamh aige .Cheap sé go dtéigheadh sé go droichead i Cathair Luimnighe go bhfaigheadh sé sparán lan d'ór ar leachanna an droichid .Chonaich se gach rud go cruinn ins an taibhreamh agus do bhí sé sé in ann insint dá mhnaoi cá raibh sé le fáil.Bheul tháinig iongnadh an domhain air nuair bhí an taibhreamh céadna aige há oidhche in dhiadh sin.Dubhairt sé leis féin go dtuibhraadh sé turas go Luimnig chun an t-ór a fháil.Ni túisge a bhí grian moc an tSamhraidh 'na shuidhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge