Scoil: Kilfenora (B.) (uimhir rolla 2155)
- Suíomh:
- Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir
- Múinteoir: P. Mag Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 17
Cístí Óir i bhFolachFadó fadó bhí fear ina chómhnuidhe imbaaile gabhann ins an sean chaisleán atá ann Search an Óir ab'ainm dó.Bhí na mílte púnt de óir aige ach mar sin féin ní raibh sé sástaq leis féinagus ba mhaith leis go bfuigheaadh sé cuid eile.Bhí sé pósta le cailín ó America agus ní raibh de clann aige ach cailín amháin.Bhí an cailín sin chomh deas agus cómh -daigheamháil le aon cailín dá bhfaca tú ariamh.Bhí dath an óir ar a gruaig ,dath an airgid ar a cuid éadaigh agus scáth an róis ar a leichinn.
Dubhairt an athair go leigfeadh sí aon fear í a phósadh dá mbeadah sí céád meadhchaint de ór aige ,Bhí gach fear ó gach taobh den tír ag iarraidh é a fháil ach ní raibh siad in-ann aon óir a fháil.Mór timcheall Cillfhionnabhrach agus na h-áite sin bhí siad ag lorg óir ins gach áit fén talamh.
Bhí fear amháin ann agus an oidhche seo nuair a bhi sé 'na chodladh bhí brionglóid aige.Lá ar na bhárach níor dhein se aon rud ach smaoineamh air.Ar feaadh na h-oidhcheanna na dhiaidh sin bhí aige ná go raibh ór ibhfolach leath míIe ó Chaisleán Baile Gabhna .Begór an triamhadh lá do chuaidh sé ann agus slausad agus pice aige .Níor innis sé do aon duine cá raibh sé ag dul.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Flanagáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lisdoony East, Co. an Chláir