Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Liscannor (B.)
- XML Leathanach 080
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Uair amháin fadó bhí bean darab ainm Peig Ní Néill...”
(ar lean ón leathanach roimhe)crom Peig síos agus do thug sí solas du, acht nuair a d’fhéach siad thimcheall ní raibh táisg nó tuairisg de’n strainséar in aon áit.Do thosnuig siad ag siubhail abhaile agus Éilis ag rádh le Peig go raibh an fear sin á leanamhaint ó Lá Bealtaine, agus gur chuir sé a dá shúile dubha tríthí cosamhail le snáthaid géara, gac uair a buail sé léithí. Bhí siad an-uaigneach ag dul abhaile, agus ní misde a rádh go raibh áthas ortha nuair a srois siad tigh Éilis.Cúpla oidhche ‘na dhiadh sin, bhí rinnce mór i dtig na gcómharsain, agus bhí Éilis agus Peig ann. T’réis tamall do dhéineadar dá line, agus bhí na buachaillí ar ceann amháin agus na cailíní ar an gceann eile. Bhí brón mór ortha go léir nuair a chonnaic siad an strainséar dubh ag teacht isteach ‘dir an dá line, agus nuair a thóg sé Éilis leis.Tamaillín ‘na dhiadh sin do chonnaic na daoine iolar mór agus rud cosamhaill le corp cailín aige ag éitilt tríd an aer. Nuair a tháinig Oidhche Nollaig bhí deuch uisce ag teasdáil ó deirbhsiúr Éilis, agus thánaig sí go dtí an gcistin. Ós cóir na teine do chonnaic sí Éilis ag téitheadh a láimhe. Do rith sí ar ais go dtí an seómra go h-an tapaidh, agus níor connaic Éilis as sin amach.- Bailitheoir
- Peig Gáirdéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Gáirnéar
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir