Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Suíomh:
Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Dónall Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
  2. XML Leathanach 050
  3. XML “Nósanna na hOíche Samhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 50
    Nósanna na h-Oidhce Shamhna
    Ubhall ar crochadh = crochtar suas ubhall agus deintear iarracht ar greim fhághail air le nár mbéalaibh.
    An té is túisce a bheireas greim air is leis é, siad na páistí beaga is mó a chleachtuigheas an nós seo.
    Dhá phóire = fágtar dha phóire ar an dteinteáin le h-aghaidh beirte a bhíonn i ngrádh le chéile. Má léimeann i dtreó a cheile iad deirtear go bpósfar iad.Siad na cailíní is mó a chleachtuigheas an nós seo.
    Trí Fó=chupáin = faightear trí fó-chupáin, cuirtear cré sa cheann achu, fáinne sa cheann eile, agus uisge sa tríomhadh cheann. Cuirtear puicín ar dhuine agus siubhlann sé i dtreó na fó-chupáin agus a lámh dheis sínte amach aige.
    Má chuireann sé a lámh sa fó-chupáin 'na bfuil an cré gheobhaidh sé bás roimh deireadh na mbliadhna san.
    Má's sa fó-chupáin 'na bfuil an t-uisge a chuireann sé a lámh raghaidh sé thar fairrghe i rith na bliadhna,
    acht go bfóighridh Dia air má chuireann sé na fó-chupáin é 'na bfuil an fháinne mar deirtear go bpósfar i rith na bliadhna é.
    Fáinne i gcíste = Deintear císte milis agus chuirtear fáinne isteach ann i ngan fhios d'on chuid eile an líon tighe, agus an duine a gheibheann an píosa 'na bfuil an fháinne pósfar roimh deireadh na bliadhna é.
    Col Ceannainn = Deintear chol=ceannainn agus roinntear idir an líon tíghe é. Chuireann cailín an chéad spúnóg de isteach i atoca agus an spúnóg deireannach freisin. Chrochann sí suas ós cionn an doras e, agus an chéad duine a thagann an doras isteach beidh sí pósta leis.
    Léine ós cómhair na teine = fliuchtar léine agus crochtar ós chómhair na teine é. Leaghtar an bórd, annsan téightear a chodladh agus fágtar an doras ar oscailt.
    An chéad duine a thagann isteach agus iompuigheann an léine, deirtear go bpósfar anduine sin agus an cailín a chroch suas an léine le chéile. Má tá aon rud i-éagnuis ó'n mbórd ní pósfar iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonsaidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cionn Eilte, Co. an Chláir