Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bean an phiobaireAg obair go deo agus gan phósadh coidhche
Ní maireann an rith maith don each i gcomhnuidhe
Más cam direach an ród sí an tslighe mór an aithghiorra
Mair a chappaill agus goebhair féar
Ní ar leath chos a tháinig Padraig go h-Éireann
Ná hinnsig gnothaí do bhaile do comharsa
Ní fhios céis fearr an luathar ná an moill
Soitheach mór fada is an bainne i bfad síos
Na muca ciúine a itheann an triosg
Báidhtear lán loinge mar gheall ar aon duine amháin
Níl modh le tabhairt d'fhear na feasóige
Ní thagann an aois is an óige le céile
Is áil liom do bhodaig is ní háil liom tú féin
Stocaí bána ar shalaibh dóighte
Nuair a bhíonn an bolg lán is mian leis na gcnamh síneadh
Is fearr leath builín ná bheith gan arán
Ní féasta gan rósta
Ná haltuigh do bhiadh go mbeid sé ad mhála
Is deas an bláth í, bláth na hóige
Siad na mná ruadh a bhionn ar thosach an tsluagh
Is fearr greim ar coinín nágreim ar cat
Níl aon mhaith san bhó nuair a dortuigheann sí an bainne
Is í an dias is tuime is isle cromann a cheannTrí rud mí-rathanmhail, bó bhán, bean bhréagh agus tíghe ar áird(leanann ar an chéad leathanach eile)