School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)

Location:
Letterkelly, Co. an Chláir
Teacher:
Seosamh Mac Dáibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 129
  3. XML “Laethanta Áirithe agus Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fhéir ar leath choróin an lae. Bhí sé ag dul chun féir do bhaint an lá saoire seo, agus deirtear gur chas an maigdean Mhuire air, agus d’íarr sí air ‘‘Cad a bhí sé a fághail an lae’’. Leath choróin ar seisean, thug sí leath choróin dó agus dubhairt sí leis dul abhaile dó fhéin. Nuair a bhí sí imthigthe, d’imthig sé idtaobh na hoibre arís. Nuair a chonnaich sí arís é tháinig truagh aici dó, mar bhí fhios aici go raibh sé bocht. Thug sí leath choróin eile dó agus dul abhaile gan teacht arís. Gheall sé go ragadh sé abhaile acht níor choiméad sé a fhocal. Thosnuig sé ag obair ar a dhícheall arís. Agus le fonn na hoibre cad do bhain dó, ná gur gearradh a chos leis an speal. Sin sean fhocal idtaobh nó an té, a iarann gach rud d’fhágáil cailleann sé é go léir.
    Tá daoine eile mór timcheall na háite seo, agus ní bhainfidís an croiceann d’aon ainmidhe dé Luan.
    Bhí fear na chómhnuidhe inaice na scoile seo fadó. Fuair ceann dá bheithidheach bás oidhche De Domhnaigh. Lá ar na bhárach bhain sé an croisceann di. Dubhairt a mháthair leis gan é sin do dhéanamh, acht déin sé é. Maidin Dé Luain na dhiaidh, bhí ainmhidhe níos fearr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Language
    Irish