Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Ór i bhFolach”
  4. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin do bhí fear ina chomhnuidhe i Litir Úi Cheallaigh agus oidhche amháin do dhéineadh taidhbhreamh dhó go raibh ór ibhfolach
    ina fhéirm féin acht nach bhféadfadh sé é d'fhágháil acht nuair a bheadh an dara aifreann ar siubhaI i séipeal Eitneach. Dubhradh leis freisin go bhfhéichfadh sé slabhra ag teacht suas as an dtalamh san áit a raibh an t-ór ibhfolach. D'éirigh sé go moch maidin lá ar na bhárach agus do chuaidh sé go dtí an chéad aifreann. Nuair a tháinig sé abhaile ón aifreann níor dhéin sé acht rán do bhreith leis ag dul go dtí an áit ina raibh an t-ór ibhfolach. Nuair a chuaidh sé isteach san bpáirc chonnach sé an slabhra agus thosnuigh sé ag romhar. Níorbh fhada a raibh sé ag obair nuair a chonnach sé bean ag teacht isteach geata na páirce agus dubhairt sé leis féin go raghfadh sé ar an slighe a raibh an bhean ag dul. Dhéin sé é sin agus d'imthigh an bhean thart agus tháinigh an fear thar nais agus ní raibh sé abalta an slabhra d'fhágháil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.