Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Forúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Caora dubh agus lomra bán
    Freaghra = císte ar griodal

    Geilm ó geilt ón fhairrge aníar
    Ag innsint sgeil gan féíth gan feul
    Freagra: litir

    Capaillín 'na stabhla, ar aghaidh cos in áirde
    Deamhan cos a corann sé
    Freagra = Tuirne lín

    Saighdiúirín dearg ar bhárr crann
    Cloch in a lár agus caipin ar a cheann
    Freagra: Sgeacód

    Fear mór dubh ag gabhail suas an cnoch
    Níl fhochal na pluch ach glug glug glug
    Freagra = Préacán

    Súidm anall tríd an gleann, Inghean a rí mar is í atá ann, cúl a cosa trí na ceann.
    Freagra: tuagh

    Is gach aoinne mé ach ní héinne mé
    má sgríobann tú mmo dhrom?
    Freagra = Sgathán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)