Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Forúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 318
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí cailín i bparóiste Cille Mhichil úair.

    Bhí cailín i bparóiste Cille Mhichil úair. Pós sí fear. Ní raibh aon spannc sa bhfear. Níorbh fhéidir aon spórt a baint as. Bailigh na buacaillí timceall air i diarraidh spóírt a bhaint as ach níór feadadhar cainnt ná spórt a baint as ach é caithte istig sa cúinne agus a ceann cromtha fé. Bailig beirt nó triúr garsúin timceall air lá. Rugadar ar coileach agus do bhearr síad gach aon ribhe clúmh a bhí air agus scaoileadar an coileach isteach san úrlár cuighe. Níor leigh sé air féin go bhfeacha sé íad cor ar bith. Cuaidh a bhean agus a mháthair dtí an baile mór lo. Cé casadh leotha ach máthair an fhir. "Cén sórt fear é súid a thug tú dhuinn" arsa máthair na mná óíge. Buachaill breágh machánta mhuis" ars an bhean eile - cen cúis ar cuiris an ceist orm. Dinnis an bean eile connus a bhí an sgeal 'ge bhaile. "Cár thug tú an leite (Stirabout) dhó" ars a mháthair. "Ins an mías leaghaithe ar an mbórd.
    "Cad eile" ars an bean eile. "Ó Cím" ar sise. "Nuair raghaidh tú abhaile anois" ar sise, "dein corcán Stirabout, leag idir a dhá chois é, annsan a bhí taitighe aige é fháhail. Cuaidh sí abhaile agus dein sí mar adubhairt an bhean eile. Nuair a fhuair an leaidh an corcán idir a dhá chois do ghread sé a bhaise "Muise nár shuairc an coileach a tháinig isteach an lá ud," ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Bean Mhic Mhathghamhna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Buaile na Maol, Co. an Chláir