Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Forúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 312

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 312

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 312
  3. XML “Scéal Mhuiris Uí Dhiúin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíodh bacach ag gabháil timceall ag iarraidh déirce uair amháin. Cuireadh sé féidtig fheirmeora go minic. Muiris ó Dúin ab ainm don feirmeóir agus bíod sé an mhaith don bacach. Bhí mac ag an feirmeoir agus deineadh cleamhnas dó lé cailín a bhí tamall maith uaidh. Dein an cailín feall náireach tamall roime sin ach toisg go raibh sí chomh fada uatha níor airig an mac ná an athair cad do thárladh. Níor mar sin don tsean-bacach. Thuig sé connus a bhí an sgeal ceart go leór ach ní fhuair sé seans cun é cur in-iul do Mhuiris. Tháinig oidhche "Piochadh an Ganndail" agus mar a raibh sluagh daoine istig an cailín ní ná fós é. Bhí an sean-bacach féin ann ins an cúinne mar b'sin nós a bhí ag daoine fad ó, chuireadh do thabhairt do bhachaigh, píobairí lucht-ceoil agus eile cun féasta. Bhí an buachaill óg ann agus é lán tsásta leis féin agus leis an gcailín. Bhí an sean-bacach ag iarraidh seans a fhághail chun leabhairt le duine de mhuinntir Mhuiris. Ar deire fuair sé caoi agus ar seisean
    Aithris díbh do Mhuiris Ó Dúin os é
    Scrúdaigheann gach dán
    Gur dhubhairt an dall a bhí ins an chúinne
    Gur thuit crúdh den láir bhán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Teacher (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Sheasnáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Forúir, Co. an Chláir