Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá an tobar tirim le cuimhne an dhuine is aosta sa pharósite ach mar sin féin deintear a lán leigheas ann. Deirtear gur deineadh marbhú úathbhasach sa chomharsanacht sa t-sean aimsir agus ón lá sin amach na raibh aon uisce sa thobar.Tá fear darbh ainm Tomás O Chongailligh na chomhnaidhe i gCill-an-Dísirt. Buistéir is eadh e. Tá cúpla aige darbh ainm Seán agus Eamon. Nuair abhí Seán cúpla bliadhain bhí sé ag súgradh leis na buachaillíbh eile nuair do sloig (?) sé páirt do bhréagán abhí aige. Bhí sé sáidhte ins an scornáigh agus bhí sé i mbeaghal a thachtuighte. Tháinig an dóchtuir ach do theip air é do airtruighthe (?). Annsan do iarr an mhathair ar an Maighdin Mhuire cabhair a thabhairt dá mac agus fad am ceadna do gheall sí go gcuirfeadh sí deis (?) mhaith ar an dtobar beannuighthe i Leac na Sionnac da mba e toil Dé é go leighisfí a leanbh. Láithreach bonn d'eirigh le h-iarracht an dhochtura an píosa do (?) síos agus an scórnach do fhuascailt. (?)Le congnamh daoine Cill-an-Dísirt do (?) Bean Uí Congalligh an tobar baineadh na (?) Deineadh scáth on droch aimsir os a chíonn agus cuireadh íomhaigh na Maighdine Muire ann. Do thárla na rudaí sin timcheall 12 bliadna o shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Gharraí
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir