Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)
- Suíomh:
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
- Múinteoir: Séamus Ó Laoighléis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)di agus chuaidh sí abhaile arís go h-áthasach. Tháinig sí féin agus a mac ann agus tugadh a shuibhal dó san. Annsin chuaidh an bhean go dtí an Sagart Parróiste agus d'innis sí a sgéal dó. D'innis an Sagart Parróiste an sgéal do'n Easbog agus tháinig seisean agus do leighisigheadh é. Thosnuigh daoine ag teacht ó gach áit in Éirinn chun leighis d'fhághail ann.Cúpla bliain ó shoin thosnuig an t-Athair Ó Raghallaigh i gCill Mhichíl ag deisiú an tobair. Do dhein sé féin agus fir óga an Pharróiste sár-obair ann agus tá sé anois i gceann des na h-áite is deise in iarthar na h-Éireann. Do chuir sé tigín beag deas timcheall ar an dtobar, agus ar a bhárr chuir sé dealbh Mhichíl Naomhtha agus tigín eile timcheall ar san. Gach bliain anois tagann na mílte daoine as gach áit ar fuaid na h-Éireann go dtí an tobar. Tugann na daoine turasanna ann ó'n t-ochtmhadh lá de Bhealtaine go dtí an t-ochtmhadh lá de Dheire Fóghmhair. Téigheann siad timcheall ar an dturas amuigh cúig uaire agus an fhaid a bhíonn siad ag siubhal deireann siad an Choróinn Mhuire. Annsan teigheann siad go dtí an tobar agus deireann siad lúireach na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire T. Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir