Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar
- XML Leathanach 177
- XML “Logainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bóthar an UisceTá an bóthar so timcheall mile slighe amach ó'n mbaile. Tá loch in aice an bhóthair, agus sin é fáth, Bóthar an Uisce.
Cor DaingeanCor obann san bhóthar timcheall trí mhíle amach ó'n bhaile - Cor Daingean a tugtar air.
Cill SeáinCeall do bhí ann fadó ag naomh. Ní'l aon eolas cruinn 'na thaobh. Is ann do bhí a Tighearna Talmhan, Mac Uí Lowe 'na chómhnuidhe. Anois tá Aithreacha an Sprioraid Naoimh 'nc gcómhnuidhe ann; an naomhthacht ba dhual dhó ag casadh arís ar an áit.
Cill FiacailÁit idir Tiobraid Árann agus Caiseal. Deirtear gur chaill Naomh Pádrauig fiacal leis agus é ag teacht ó Chaisil, agus gur bhunaigh sé ceall bheag ann.
Leach an TairbhCarraig mhór í seo ar bhárr Sliabh na Muc. Tá scoilt mór innte. Tá leaganacha áirithe a deireann gurbh é Fionn Mac Cumhaill do chaith an(leanann ar an chéad leathanach eile)