Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin (uimhir rolla 7911)

Suíomh:
An Currach, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Mícheál Ó Dubhshláine
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0572, Leathanach 392

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0572, Leathanach 392

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin
  2. XML Leathanach 392
  3. XML “Lios a Mheádh”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lios a Mheádh
    Tá an lios seo i gCurrach. Lá dá raibh Jimy Shéamuisín ag dul thar an lios seo connaic sé sgean pócha caithte in aice an leasa. Bhí cos airged ar an sgean agus do thóg Jimín abhaile leis í.
    San oidhce san roimh dul a chodladh dó, do gheárr sé iongna órdóige a coise leis. Ar an nomeat d'at a órdóg go raibh sé comh mór le baraille. Ní bhfuigead sé chodlad ná dada do dheanamh ar feadh trí lá. D'innis sé an sgeal do comhairsain agus do comhairlaig sé sin dó an sgean do chuir thar ais arís in aice an leasa. Do dheineadh agus san oidhche chéadna do phlaoseadh an órdóg agus sé an rud a tháinig amach ná an méid gruaig is abheadh ar earball capaill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí cruinneal ag fear d'arb ainm Maol Domhnaigh...

    Bhí cruinneal ag fear d'arb ainm Maoldomhaig. Bhí an cruinneal seo nios móre ná a capall. Lá amháin rith sé amach as an bpáirc 'na raibh sé agus treasna sé páirceanna is thar claoidhe agus enall go dtí an lios
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge