Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
- XML Leathanach 361
- XML “Paidreacha”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidreacha.
A Íosa a chroidhe na páirte, bí dom gárda an lae, Dian is cabhruig láimh liom, Is ná fág mé i bearna bhaoghail. Is tusa a rí is a ghrádh gheal. Do fhalaing bás im thaobh, Ar crann na croise créidhte, imeasc do namhaide go léir, Bhí allus fola ag tráigh díot, is tá ag guidhe sa ghairdín léighear. Míle moladh is grásta, led ainm grásach féin.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Caoimh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Sgéal.
Fadó bhí cailín éigin ag obair i dtigh feirmeóra. Bíodh sí ag obair go dian gach lá agus gach oidhche théigheagh sí isteach sa leabaidh gan dul ar a glúinibh, bhí sí chomh thuirseach san. Nuair a bhíodh sí sa leabaidh deireadh sí aon paidir beag amháin:- "Tá cheithre cúinne im leabaidh. Tá ceithre aingle ós mo cionn, Márta, Séamus,Luke is Séan beannacht Dia ar an leabaidh se atáim im luighe" Oidhche amháin nuair a bhí bhean an tighe ag dul thar doras seomra an cailín chonnaich sí dhearg istigh sa seomra. Chuagh sí isteach ann agus chonnaich sí ceithre saighdiúirí ar gach(leanann ar an chéad leathanach eile)