Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus chomhnuigh sé i Droichead na nGabhar cúpla míle óm thig-se. Bhí alán airgid aige. Nuair a cheap sé go raibh sé chun báis d'fágail ceap sé go gcuirfeadh sé an t-ór i bhfolac. Cuala fear eile é sin agus chuaidh sé i bhfolac cun go bhfeicfeadh sé cad é an áit na chuirfeadh sé é. Chonnaic sé an áit 'nar chuir an fear é agus oidhche amháin chuaidh sé cun é d'fhághail. Fuair se an pota 'na raibh an t-ór act ní raibh aon ór ann. Deirtear gurabh iad na daoine maithe a thóg as é.D'innis m'athair féin an sgéal seo dhomh. Fuair mo shin sean athair Seán Ó Meachair coire mór déanta
d'airgead fén dtalamh san iothlainn sa mbaile. Na dhiaidh san díoladh i gCeapach Cuinn é. Chonnaic Pádraig Ó Corcubhar atá 'na beathaidh fós an pota airgid sin. Do sgríobhadh i litreacha órtha ar an pota so go raibh pota eile déanta d'ór i bhfolac in áit éigin gairid don áit agus go raibh slabhra á gceangailt le chéile. Ach tháinig meirg ar an slabhra agus briseadh é agus mar sin níor éirigh le h-einne an pota óir d'faghail.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Meachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Na Fraocháin, Co. Thiobraid Árann