Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maca na nBó:-
Sin páirc atá ag muinntir Muirghasa i Mullach. Tá sean sceal ag baint le sin. Deirtear go raibh fear ag siubhal tríd an bpáirc san nuair a bhí sé go déanach san oidhche agus chonnaic sé mórán bó agus iad ar gach dath agus nuair a chuaidh an fear abhaile fuair sé bás.
Gort na Céimeanna:-
'Sé an fáth gur tugadh an ainm sin air ná go raibh an páirc san clúdighthe le cloca leathan uair amháin.
Bóithrín Dall:-
Fásann crainn ar gach taobh de agus bíonn sé go dorcha ann i gcomhnuidhe.
Baile Beag:-
Bhí baile beag annuair amháin. Tá na fallaí móra a bhí na tighthe le feiscint ann fós.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Dubgán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Baile Nua Mhaigh Locha, Co. Thiobraid Árann