Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a fuair sé an ainm sin. Nuair a bhí Cromail agus a shaighdúirí ar a slighe ó Cluain Meala go dtí Eochaill, tar éis an t-sheipéal i gCaisleán Nua a chur tré theine do chuadar an bhóthrín agus mar sin tá "Bóthar na nGall" mar ainm ó shoin air. Acht ceapann daoine gur "Bothar na nGabha" an ainm atá air toisc go dtarluigheann sé go bhfuil ceardcha ar thaobh an bhóthair seo.Bóithrín Dorca:-
Bóithrín i mBatharnach cúpla míle ó Chaisleán Nua. Fásann crainn ar gach taobh den bhóithrín seo agus annsan bíonn sé dorcha i gcomhnaidhe ann.Carraig an Aifrinn:-
Tá an charraig seo timcheall trí mhíle ó Caisleán Nua ar Shléibhte Maol Domhnaig. Fuair sí a h-ainm, mar in aimsear na bPéin Dlighthe do bhíodh na sagairt ag rádh Aifreann ann. Tá scríobhnóireacht sa tseana Gaidhilge le feiscint ar an gcarraig san anois, acht ní féidir le haoinne é a léigheamh, mar tá deifreacht mór idir na sean-gaedhilge agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seumas Ó Maolcathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann