Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit-ainmneacha.
Caisleán Nua:-
Gráig Mhuire an tsean ainm a bhí ar an sráid bhaile seo. Tá fothrach shean-chaisleáin ann fós. Be le muinntir Prendergast é fadó. Tháinig Muiris De Prendergast go hÉirinn leis na Normánaig sa bhlian 1170 agus chuir a chlann fútha ins an áit seo. Daoine maithe ab eadh iad. Thógadar mainistir dos na manaigh thall i Mullach. Lá amháin d'eirig argóint idir duine do mhuinntir Prendergast agus an manach. Do mhasluig an manach an taoiseach agus annsan chuir muinntir De Prendergast an mhainistir tré theine.
Nuair a chonnaic na manaig an mhainistir á dhogadh chuireadar mallacht ar mhuinntir De Prendergast. Ó'n lá sin amach bhí an mí-ádh leó. Fuaradar bás na nduine is na nduine agus níl aoine acha beó anois. Níl ach na sean-fallaí 'na seasamh san tsráide.Bóthar na nGall:-
Tá an boithrín san gairid don sráid bhaile Caisleán Nua agus is fuirist d'fheiscint connus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seumas Ó Maolcathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann