School: Cill Chuimín, Durlas Éile (roll number 12538)
- Location:
- Cill Chuimín, Co. Thiobraid Árann
- Teacher: Donnchadh Ó Cuinnéain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuimín, Durlas Éile
- XML Page 312
- XML “Cill Chuimín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an t-ainm atá ar an áit seo ná Cill Chuimín. I mbéarla scríobhtar "Kilcommon" agus "Kilcummin." In Oifig an Phoist scríobhtar i nGaedhilg "Cill Chomáin" ach ní dóigh liom gur cheart é.Chuir Naomh Cuimín cill ar bun annso sa sémhadh aois. Tá rían de le feiceáil fós sa gceanntar - Cnoc na Cille. Níl ann ach sórt fáinne nó cearcall ar thaoibh an Chnuic. Leas-dritheár do Ghuaire- Rí Connacht abeadh Cuimín agus tugtaí an leas-ainm "Cuimín Fada" air. Bhí sean-ainm ar an áit seo leis - "Cill Chuimín a' Sléibhe." Is léir go raibh baint éicint ag clann Ghuaire leis an áit mar is é an t-ainm atá ar shléibhte na h-áite seo ná "Sléibhte Eibhhlinne Ingean Ghuaire". Ní cheart "The Sleeve Phelim Mountains" a chuir orra in aon chor. Siad na beanna is aoirde atá orra na "Sliabh Coimealta" agus a lán eile nach bhfuil trácht orra:- "Máthair Shliabh" (2000'),
"Coileán" (1000') "Cnoc Fionn," "Cnoc Dubh," "Cnoc na Bainfheise," "Cnoc na Cille"