Scoil: Garrdha Dubhlios, Pálás Gréine (uimhir rolla 10991)

Suíomh:
Garraí Dúlas, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Ss. Ó Nuanáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0518, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0518, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garrdha Dubhlios, Pálás Gréine
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá dá raibh sagart ag chur dó ar a shuaimhneas d' íompuig an lá amach go h-olc. Bhí an báisteach a scealladh anuas ó thalamh.
    Tháinig an sagart go bruach abhann ach go h-áirithe, agus bhí an abhainn ag chur thar mhaoill. Ní raibh fhios aige cad do bhféarra dhó a dhéanamh. Chas sé ar a sháil agus cé bheadh taobh leis ach strapaire árd d'fear.
    Bhuail se bleib ar an fear agus dubairt "Chuir treasna 'mé agus bheadh an bhuidheach duit". "Is míse a bhéarfaid má éistéochair m'Faoistin". "Táim sásta" ars' an sagart. "Léim ar mo dhrom" ars' an fear.
    Anáirde leis an sagart agus súid leo isteach san abhainn. B'fhada an lá ó chuaid an fear isteach go bosca Na Faoisdine. Thosnuig sé ag ínnsint na peacaí dhon sagart, agus iad í lár na n-abhann d'innis sé pheacha uathbhás ach dó. "Tá an díabhal thíar ort" ars an sagart. Las sin dhein an fear léim agus caith sé an sagart dá dhrom agus ar sé "Má tá, bíodh sé i lár na n-abhann anas sé ní bheidh sé ar mo dhrom-sa.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge