Scoil: Garrdha Dubhlios, Pálás Gréine (uimhir rolla 10991)
- Suíomh:
- Garraí Dúlas, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Ss. Ó Nuanáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an lóndubh ciúin. Deirtear go mbíonn an ghleó ag na druideanna nuair a bhíonn sneachta ag teacht.
AINMHIDHTENuair a bhíonn an cat cois teine agus fuacht air, cómhartha droch aimsire isead é.Nuair a bhíonn lá báistíghe ag teacht, bíonn na cearca ag priocadh na gcleití díobh féin, agus a ngléasadh féin i cómhair na droch aimsire.Bíonn codla ar na ba, agus an capall leisceamhail nuair a bhíonn sioc ag teacht.Lá gaoithe is ar na caoire a bhíonn an teasbach.
NÁDÚIRBíonn an spéir lán de lomradh caorach nuair a bhíonn droch aimsir ag teacht. Nuair a bhíonn an spéir geal gan scamall cómhartha maith ar an aimsir isead é.Nuair a bhíonn ceo bóthar ag imtheacht le gaoith, cómhartha báistighe isead é.Nuair a bhíonn an ghlór ag an abhainn(leanann ar an chéad leathanach eile)