Scoil: Baile Uí Argáin, Cill Moicheallóg (uimhir rolla 7237)

Suíomh:
Baile Uí Argáin, Co. Luimnigh
Múinteoir:
A. Ó Hódhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0511, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0511, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Argáin, Cill Moicheallóg
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Brollach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá cúpla ainmneacha eile nár mhisde á gcur síos mar atá. ‘Redchair’ nó ‘Richair’. Gabhann an bóthar go Corcaigh thar mhaol na gcnoc i mbearnain ní ró-ard ná ró-íseal. ‘An bhearna Dhearg’ atá uirthi, ach is ceart duine san gcomharsanadh a bhfuil an ainm anois aige. D’airgheas. ‘The Gap of Red Chard or Charles’ uirthi freisin agus sin a bhfuil d’eolas agam. Díreach ó thuaidh ón mbearnain sin tá ceann eile lag beag sna cnocaibh lastuaidh dínn, bearna gaoithe a h-ainm. Sean-bhóthar ó bhearnain go bearnain an conaire ó Chonndae Corcuighe go machaire luimnigh, tré Cill-Fhionáin, san tsean aimsir. Tá cuid den bhóthar sin a ghnítear úsáid de ach mar a ghabhann sé thar maol níl ann ach a rian.
    In mbaile Uí Argáin agus leath mhíle ó thuaidh den t-sráidín atá meall agus an ‘Gooseberry Hill’ air [des] na daoina. Ta sé ráidhte gur saothruigheadh an cnoc uair agus cuireadh prátaí ann, ach ná raibh de bhárr a saothair ag lucht na rámhainne ach criocháin- comh mhéid le spiunáin: tugadh a ainm ar an ngarradha agus tá sé ar an gcnoc go léir ó shoin: ‘Ard-na-Gaoithe’ athá ar an gcnoc soir ón ‘Gooseberry’, théidheadh an sean-bhóthar eadartha, ach sé an ainm is coitcheanta anois air ná ‘The Pinnacle’ nó ‘Courtney's Hill.’ Tá na sean-ainmneacha ag fagháilte bháis go mear mar a bhfuilid caillte cheana féin, go h-áirighthe na h-ainmneacha nach gádh a scriobh síos aon am; cuir i gcás ‘Upton’s Hill’ ar Cnoc Aodha cé ná fuil muintear Upton in a gcomhnuidhe san áit ach fiche bliadhain. Sean bhóthar i gcoinne sléibhe amach go Gleann-an-Áir ‘The Leaca’ atá air, nó ba chóra a rádh ar an leirg tíre mar a ghabhann an bóthar. Ní dócha go raibh focal Béarla ag na daoine a tháinig oireamhnac do'n áit ar aon chor; b’éigint dóibh an focal breágh Gaedailge d’fágaint mar a’bhí sé. Ar bhárr na leacan tá Poll a’ Phléidhcín timceall mhile troigh os cionn dromclaidhe(?) na farraige.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Fhlainn, Co. Luimnigh