Scoil: Baile Uí Argáin, Cill Moicheallóg (uimhir rolla 7237)
- Suíomh:
- Baile Uí Argáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: A. Ó Hódhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ‘Sé seo paróisde Cille-Floinn, an paróiste is sia ó dheas i gConndae Luimnigh. Ní mór an cosamhlacht atá idir an gleann so agus machaire mór Luimnigh ó thuaidh agus shiar: talamh fuar ina bhfuil an cré-márla buidhe gairid i gcomhnuide do phréamhacha an fhéir annso, agus cloch-aoil ag tabhairt milseachta is folláine dos na barraí annsúd. Mar i gcéadna don duthaig ó dheas uainn cloch aoil fén bhfód agus barraí bhlasta.
‘Siad so na bailtí fearann in a roinntear an paróiste seo: Garrdha Artúir agus Caol soir: Coill Chruaidh agus Cúl a’bhéithe soir ó dheas agus ó dheas. Cúl-Fhraoich ó dheas agus siar ó dheas. Baile Uí Argáin inar a bhfuil an scoil seo suidtha i lár baill; baile Uí Dhonnchadha taobh leis: Abbey nó baile na Mainistreach soir de sin agus Clovers nó na Cluthmhairí ag síneadh ó thuaidh. Tá Raitín Ruadh ann comh mait, cé ná fuil comhnuidhe ar aoinne ann. Tá, agus Houndscourt taobh le Cúl a’bhéithe nár airigheas riamh ainm Gaodhlach air. Gan mórán siar ó cheithre mile acra talmhan sa pharóisde go léir.
Tá Gleann Oisín – (mar a bhfuil an scríobhnóir in a chomhnuidhe) agus Gleann an Áir, i dteorainn linn ar an dtaoibh shiar, acht baineann na h-áiteacha staireamhla sin le h-Ardpádraig agus ní h-eoladha dom trácht ortha; A ndála sin blonodfoy – nó cluain an fhóíd-bhuidhe, teorantach linn ar an dtaoibh shiar ó thuaidh; ach amháin gur annsan a fhoirgnigheadh an teach mór nó an Caisleán a bhí le fada mar chomhartha so-fheicse an chomhachta coigcríce agus árus smachtuighthe na nGaedal mBocht na duithche timcheall Caisleán Oliver a ainm, agus de bhrigh gur i bParóisde eile a shuidheamh níl cead agam a thuille sheanchais air; ach so do rádh, ná raibh sceal ná duan imeasg na ndaoine ar mo theacht annso triochad bliadain ó shoin ann nár b’iad muintear an Tige Mhóir a bhun agus a bharr.(leanann ar an chéad leathanach eile)