Scoil: Cromadh (B.)

Suíomh:
Cromadh, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0506, Leathanach 581

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0506, Leathanach 581

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromadh (B.)
  2. XML Leathanach 581
  3. XML “Local Traditions - Historical and Otherwise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus thárla freisin nár mhaith leis, an mac toghartha seo a bheith 'na chúis scaoinreachta d'a mhnaoi nua-phosta agus do réir sin, dhein sé socrú le ceannaidhe ime i gCathair Corcaighe an buachaill seo a ghlacadh 'na phrintíseach. Do deineadh is do daingnigheadh an socrú is an margadh idir an Liathánach agus an ceannuidhe gur chuaidh an buachaill o dheas ag foghluim a cheirde is gur cuireadh as bealach is as amhairc nua-mháighistreas an mhuilinn é. Ó'n mbuachaill sin a shíolruigh Ui Liatháín Caisleáin Chroma agus ar a shíol do bhí an dochtuir Seán Leatháin a dhein sár-obair i mBaile Átha Cliath is i Londún i gcoinnibh na bhfíabhras. Is o'n bpríntíseach céadna a shiolruigh an brocaer ime sin go bhfuil tagairt do ar leathanach 56. Is feidir go raibh baint éígin ag na céad Liathánaigh a tháínig annso leis an mbrocaeracht ime agus ní mór ná gur gráín leis na daoine, le muintir na h-áite, an ghairm beata chéadna, mar nuair ba mhaith le hAindrias MacCraith tarcuisne is masla do thabairt dá cáraid sealadach Seán Ua Tuama, ní raibh aige slighe ní b'fhearra chuige sin do dhéanamh ná brocaer ime is báille uisge a thabhairt air.
    "Bír fós mar chluinim id' bhrocaer ime
    Id' phortaer uisce is linnteoireacht."
    Timcheall trí fichid bliadhain ó shoin tháinig síol an gharsúin óig mí-fháiltigh sin arais go Cromadh agus do cheannuigheadar Caisleán Cromtha agus ar bhain leis ó Croker. Roimis an taca sin ní raibh ach stiall beag d'fheirm cois Máíghe ag síol an chéad Liathánaigh cé go raibh an saidhbhreas is an acfuinn acha. An stiall beag tailimh sin a bhí aca, bhi sé ar teorainn leis an bhfeirm Croker
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Daithí O Ceanntabhail
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)