School: Cromadh (B.)
- Location:
- Cromadh, Co. Luimnigh
- Teacher: Dáithí Ó Ceanntabhail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromadh (B.)
- XML Page 453
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (Níl neart agam scríobhadh síos mar reámh-rádh do'n roinn seo an creideamh atá curtha na luighe orm, de bhárr mo chainte le cuid des na daoinibh i dtaobh piseogachta, go bhfuil dlúth-bhaint fós, maidir le nósaibh is le béasaibh, idir muintir an lae indiu agus ár sinnsear in allód. Creidtear go daingean go bhfuil cumhacht ag daoinibh áirithe rudai thar tuisgint ár nadúra a dhéanamh is do réír mar a chloisim, deintear na gnotha sin fós agus deintear iad i n-áiteanna gairid go leor do'n pharóiste seo Chromtha. Ní iarrtar orm aon chur síos d'a leithéid seo a dheánamh ach cloisim rudai anois is arís, maidir le piseoga, atá comh dorcha gránda le h-aon rud atá san Dracula sin Bram Stócair. B'feidir ná fuil sa chaint sin ach speabhróidí meabhair aimhrialta, ach pé'r sa domhan é, seo agaibh thios annso an chnuasacht piseóg a d'fhéadar déánamh sa cheanntar so.)
Rísteárd de Buitléir, Feirmeoir, Gort rua Cromadh, 44 bhliadhna d'aois, a cháith 3 1/2 bliana sa chogadh mór san Eoraip a thug dom an cúntas so leanas. Cibé ná fuair sé acht oideachas Scol Naisiúnta, 'sé an fear is foghlumtha is is geíre aigne é, maidir le stair 's le filídheacht béarla is le h-eolas coitchianta dá bhfuil sa cheanntar so. Is fíor a rádh nach bhfuil dán ná amhrán ná "footnote" a cuireadh leo, i scríbhinníbh na mór-bhfilí Béarla ná fuil de ghlan-mheabhair aige. Iongantach ar fad an cumas atá aige cuimhneamh ar a léigheann sé agus eolas aige ar mór-ghniomharcaibh(continues on next page)- Collector
- Daithí O Ceanntabhail
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Rísteárd de Buitléir
- Gender
- Male
- Age
- 44
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cromadh, Co. Luimnigh