Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
- XML Leathanach 105
- XML “Cath Cuilline”
- XML “Scéal an Asail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin d'éirig easaontas éigin idir muintir an (-) i muintear na críce seo agus muintear Corcóide i muintear na críce ba giorra dhóibh. Is amhlaidh gur tháinig muintear Corcóide agus sluagh láidir líonmhar acu ag ionsuidhe muintir (-)Chuaidh muintear na críce sin go dtí Naomh Íde agus d'iarradar cabhair agus congnamh uirthi. Thug Naomh Íde a geallamhaint dóibh agus bhí misneach agus cródhacht deicneabhair ins gach fear aca. Do bhuail an dá airm um a chéile san áit ar a dtugadh Cuilline le h-ais Caisleáin Nua. Do buadadh ar mhuintir Corcóide gidh ná raibh a leath de shaigdiúiribh ar taobh an (-). Deirtear gur tré impidhe Naomh Íde a buadhadh ortha.
- Ar thaobh an chnuic ar a dtugtar " Seacon-Glais " tá fáinne de chlochaibh le feisgint fós agus 'sé an ainm atá ag na daoine air ná " Buaile Íde ". Deirtear gur tugadh an bainne ó'n áit seo go Cill Íde gach maidin agus tráthnóna ar mhuin asail. Lá dá raibh an t-asal(leanann ar an chéad leathanach eile)