Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)

Suíomh:
Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Pádraig Ó Coileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Filíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is mairg a bhíonn idtír gan duine aige féin
    Mar lá na Brúighne seadh luigheann an bata ar a thaobh
    Agus ar a tharrac chun chill'
    Ní bhíonn aon chara 'na dhaidih

    * * *

    Is íád na prátaí dubha
    A d'fhág ins an bPoor house sinn
    Is annonn thar fairrge
    I roilig an tsleibhe tá na céadta fear treasgairthe
    Is righ na bhFlaitheas go réidhidh ár gcás.

    * * *

    Fear bocht a bhí na chómhnuidhe 'na aonar, bhí air, na prátaí d'ullamhú dhó feín tar eís oibre an lae. Seo mar a dubhairt sé:-
    "Is fada á nigheadh doíbh
    Is fada á gcur síos dóibh
    Is fada dhóibh thíos ar an dteine
    Fiagóid is fiche a dhóigheann Tadhg bocht san oidhche
    Sar a mbogann an croidhe ag na Turcaigh."

    O Séamus Ó Bric
    Na Gorta Dubh
    Baile an Fhirtéirigh
    An Daingean
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Bric
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí