Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)

Suíomh:
Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Pádraig Ó Coileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Séamus Ó Catháin cum Uilliam Uí Chathasaigh”
  4. XML “An Ceangal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    [A shaoi ghlic ghasda do chanas do ghlór le diadhacht,
    Dob eol duit mé d’freagairt gan easba gan smól gan teimheal,
    I nglorthaibh blasda nó ar meamram cóin le suigheamh,
    I gCló is I dteangain gan easnamh id ghlór ná id scríobh.]
    VI
    Beidh Eaglais Dé ag léigheamh na Psalm go binn,
    Is an t Aifreann naomhtha gan traochadh dá chanadh do Chríosd,
    Báird agus éigse ar gach bhéarsa ag canadh de shíor,
    Is sgamaill ag tréigean na spéire sealadh go sítheach.
    VII
    Beidh sonas agus séan ar gach aon ród againn mar bhiodh,
    Beidh sratha tiugha éisg ag léimrig le h-aiteas i linn,
    Beidh déirc agus daonnacht dá dhéunamh ar lagaibh is aoidheacht,
    Is gaisge agus laochas i ngéagaibh gach faraire groidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Ceangal
    A fhir chalma cháidh d'eascair is d'fhás ar sheana-stoc áluinn Ghaedhil-Ghlais,
    Is blasta 's is fearr teanga is lámh dá bhfeaca in aon áit de na
    héigsibh
    Beir feasta go sámh gan mhairg ná gláimh is i gceannas in áitreamh
    séanmhar
    Is easmailtigh áir dá gcartadh chun fáin 's a' pheanaid dá gcrádh
    is dá gcéasadh.

    Lucht taiscitghhe an óir is caithte gach lóin dá chartadh gach ló 'na
    méadail,
    Fíonta agus beoir, saill agus sógh, gan suim aca in órd ná i
    dtréanas;
    Dia hAoine is eadh is mó a chaithid a sórt ag cur feirge ar
    Mhór-Mhac Dé dhil,
    Is A Bhanaltra ghlórmhar dá spalpadh mar mhóide - ní bhacfad níos
    mó ná an méid sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge