Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
- XML Leathanach 040
- XML “Freagra Uilliam Uí Chathasaigh ar Sheamus Ó Catháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
A Shéamuis Uí Chatháin, a fhir ghrádhmhair charthannaigh chaoin,
De shliocht cheannasach cháidh, is d'árd fhuil chalma Ghaoidhil;
Freagra dob áil liom gan phlás ar do labharthaibh grinn,
Ach nách gasta mo lámh de cum ráidhte ceapadh ná scriobh.
II
Cé go n-abairid éigse deagh-léigheannta is tarraingreacht linn
Gur gearr go mbeidh léirscrios in Éirinn is greadadh ceart claidheamh,
Fanatics claona dá dtraochadh treasna ins gach díg
Dá ngreadadh le piléaraibh is sliocht Éibhir i gceannas mar bhiodh.
III
Pastorín[?] féin, mar léighimíd, abaire[?]nn linn,
Gur gearr uainn an téarma go mbeidh Éire glan ón a naimhead
Is beatha na Naomh do rinn sé an dáta do scriobh
Milleadh is ocht gcéad dhá dheich a dó is a trí.
IV
Preab agus léim, glach tréine agus meanmna id' chroidhe,
Caith do sheol as a chéile agus tréig é idir spól agus slinn,
Glac arm agus éide id' thréan-ghlacaibh neartmhar' as claidheamh,
A's do bhata breágh gléasta a bhiodh traochadh gach dragain i ngniomh.
V
Do gheobhair talamh bhreagh aolmhach ag deanamh ceannais is
tíghis
Ba boga is tréada gléigeala is eachra groidhe
Cúirt thaithneamhach éigin atá ag méirleachaibh mallaighth' an fhill
Is mar bhárr ar mo scgéul cead pléireacht seal le na mnaoi.(leanann ar an chéad leathanach eile)