Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)

Suíomh:
Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Pádraig Ó Coileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “An Bhean a Bhí ag Fáil Bháis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I
    Ar mo dháil (ghábhail) trí Bhlá Cliath dom,
    Go dian dubh (doth) ar maidin,
    ‘Seadh casadh orm an óig-bhean,
    Go raibh séala rósaí ‘na leacain
    Agus d’fhiafruigh de’n óig-fhear
    “Cá gcomhnuighir, a mharcaigh?”
    II
    Ar an dtuaith seo athá mo lóistín,
    Is ann a chomhnuighim le seala.
    Lachtraigh do sgéal nuadh dhom
    Ós is déidheanaighe a fhág an baile.
    Bhfuil agat aon chéile?
    Nó an raibh sí riamh agat.
    Tá sí go tinn diacharach
    Gabháil an t-ighearnais sa leaba,
    Agus mise ar fúd coillthe,
    Ar lorg an leighis ná fachtar.
    III
    Ná cuireadh sí ort aon chás,
    Má tá sí rómhat marbh,
    Mar gheobhair ba is caoirigh,
    Agus síol mhaith ar talamh,
    Airgead le chur id’ phóca,
    Agus ór buidhe le sgaipeadh,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig O Liaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Áthán, Co. Chiarraí