Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Is diallachtaidhe fán mé gan mháthair gan athair.”
I
Is diallachtaidhe fán mé gan mháthair gan athair,
Dá mbeadh mo chlú i ndán domh níor ghádh dhom a bheith dealbh,
Níl aoinne beo in aon chor a dheunfadh éagcóir ar m'amharc
Ná go mbeadh a shúil aige leas a dheunamh ná dul in aon chor ins na FlathaisII
'Is is trugha-sa bean na h-aonar ag dul ar aonach i bhfad ó bhaile,
Gan pinginn 'na póca a bheadh sé ag ól i dtigh an ghleanna
Níl airgead ná ór agam ná cóir ar fhear a mhealladh
Go bhfuil mo shúil leis, a Rí Glórmhar, go mbeimíd fós ins na Flathais.III
'Is a bhuachaill is gile mhíne ná an síoda is ná an sneachta,
An dtiocfá liom oidhchea ag cóiriú na leabthan,?
Do thabharfainn fuil mo chroidhe dhuit dá mba fhion é go maidin
Dá dtabharfá 'san bhíobla ná deunfá coidhche mo mhalairt.IV
Do thabharfainn duit an bíobla ná deunfainn coidhche do mhalairt
Acht go bhfuil an iomarcha dem' dhaoine muinnteardha gabháil fúm agus tharm,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Carmody
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leaca Bhán, Co. Chiarraí