Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)

Suíomh:
Baile an Locháin, Co. Luimnigh
Múinteoirí:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Leathanach 327
  3. XML “Saothar an Earraigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an Earrach bíonn an feirmeor ag obair go dian. Bíonn sé ag treabhadh, ag fuirsead agus ag cur na síl. Cuireann sé prátaí, turnipí, mangailí, cabáist agus an-cuid rudaí eile.
    Chuireann sé prátaí ins an áit ina raibh cruithneacht no eorna curtha an blian roimhe sin. Cuireann sé cruitneacht nó eorna ins an áit ina raibh prátaí nó aon bharra eile go mbíonn aoileach ag teastáil uatha, curtha an blian roimhe. Ins an Earrac bíonn an feirmeoir ag obair go dian agus gach lá bíonn tuirse air.
    Tá sean-fhocal ann An té a cuireann san Earrach baineann sé san bFogmhar. Cuireann sé prátaí i driollaí agus deineann sé an phráta do gearadh idtreo is go mbíonn dhá shúil ar gach phíosa. Sgiollán a tugtar ar an gcuid sin. Cuirtear na sgiolláin insan gclais agus scaiptear aoileach ortha. Dúnann sé na driollaí leis an gcéachta agus nuair a thagann siad ós chionn na talmhan cuirtear ath chré suas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig O Néill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Oldmill, Co. Luimnigh