Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)

Suíomh:
Baile an Locháin, Co. Luimnigh
Múinteoirí:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Travelling Folk”
  4. XML “Saibhreas i dTaisce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ina comnuidhe ar an Riasc fadó, agus Con Ó'hArtnéada ab'ainm dó. Aon lá amháin bhí sé amuigh ag baint ná móna ar an bpórtach. Bhuail sé rud éigin leis an sleán, agus tháinig ard áthas air. D'féach sé, agus chuardaigh sé ina thimcheall agus fuair sé platá mór adhmaid. Bhí alán rudaí insan bpláta sin, mar atá, sceana adhmaidh, agus spúinneóga adhmaidh, cupáin adhmaidh, fóth-cupáin adhmaidh agus crócha óir.
    Tá lios ar an Riasc, tá sé ibhfeirm muinntir Uí Dháibhis, agus í bparóisthe Árdháca. Deineadh taibhreamh do alán daoine go bhfuil ór curtha id taisce ann. Chuaidh siad ar lorg an óir thosnuigheadar ag romhair, agus bhí poll mór déanta acu. Bíodhar inaice an óir nuair tháinigh madra mór bán, á lean na daoine.Tháinigh eagla orrtha agus ritheadar abhaile ar nós na gaoithe, agus ní tháinigh siad ann arís. Tá an lios ann fós, agus tá an poll mór ann leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muirceartach Ó h-Éacthigheirn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rúscach Thiar, Co. Luimnigh