Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)

Suíomh:
Baile an Locháin, Co. Luimnigh
Múinteoirí:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 266

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 266

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Leathanach 266
  3. XML “M'Áit Chónaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Riasc ainm na h-áite in a bhfuilim im chomnuidhe. Talamh fliuch uisceamhail atá ann. Tá caogadh línthige ann, agus isteach is amach le dhá chéad daoine. Muinntir Í Dhuilleáin is mó a comnuigheann ann. Tá fice tighthe ann ar abfhuil ceann slinne, agus ceann tuighe atá ar an gcuid eile díobh. Comnuigheann alán sean daoine ann, ach sé Micéal Ó Cheallaigh an dhuine is sine dá bhfuil ann. Níl aon Ghaedhilg ag aoinne acú, ach Béarla ar fad.
    Bhí níos mó tighte ann san tsean aimsire ná mar atá anois. Tá alán fhothraigh le feiscint, mar chuaidh na daoine as na tighte sin go dtí Mheiriocá. Talamh cnocach, agus sráice mór portaigh atá ann, ach tá talamh fóganta ann leis. Prátaí agus coirche, ná bárraí is fearr a thagann ann. Tá feirmeaca móra agus feirmeaca beagha ann. Ar an bfeirm is mó da bhfuil ann tá fice ba ar an mbainne agus tarbh.
    Níl aon choill insan áit anois ach do bhí siad ann fadó. Tá aon abha amáin ann agus alan srutháin eile, níl aon loc insan áit. Tá alan boithre innsan áit, agus tá cuigh crosairí ann. Tá casáin scoile agus casáin Aifréann ann leis. Tá amhrán ana dheas idtháobh na na h-áite agus sé an ainm atá air; na, "Oig Bhean an Riasc".
    Tá cnoch mór ann agus sé an ainm atá áir na Cnoch Iompuigte - Cualas alán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Rúscach Thiar, Co. Luimnigh
    Bailitheoir
    Muirceartaigh Ó hEactigeirn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rúscach Thiar, Co. Luimnigh