Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)
- Suíomh:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Múinteoirí: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó, Fadó bhí daoine ina gcomhnaidhe ar an bhfeirm ina bhfuil in mo cohmnaidhe anois. Níl fhíos agam cad ab' anim dóibh ach is fhios agam go raibh siad ann. Aon lá amhaín chuaidh duine acu ag treabhadh pairce ina raibh lios le dá chapall bhána agus cearcha. Chuaidh duine eile acu amach ag leagadh an claidhe a bhí mhòr thimpeall an leasa a bhí i an bpáirc ceadra ina raibh an fear eile ag treabhadh. Ach nuair a bhí lear an claidhe leargas aige, chuir an dhá capall bána a bhí ag treabhadh leis an fear eile marbh. Do srad siad go leír don obair a bhí ar suibhal acu mar do bhí eagla mór ortha.
B’feidir gur cheap siad dá leanfaidís leis an obair go bhfaighidís féin bás. Tá an lios sin duibhré imbaile in Aonaigh i Caisleán Nuadh Thiar i gco Luimhnuighe. Cúm an lios sin go an- mhinich mar tá sé in aice mo tig agus tá leath an claidhe ina sheasham fós ar a bhfuil crainn agus tor ag fás ? D'innis m'athair an scéal seo dom agus b’feidir gur fíor e, mar tá leath an cluaidhe ina sheasamh fíos agus le feiscine go soiléir. An duine a scríobh an scéal :
Michéal Ó Mhuirthuille,
Baile In Aonaigh,
Caisleán Nuadh Thiar,
I gCo Luimnighe.
Aos : 53 An duine a innis an scéal ÷ M’athair.- Bailitheoir
- Micheál Ó Mhuirthuille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Aonaigh, Co. Luimnigh