Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)
- Suíomh:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Múinteoirí: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am fadó dhein na daoine a gcoinnle féin. Nuair do marbhuigheadh bó no caora, baineadh an blonóg as. Cuireadh an blonog isteach í ngriosóir ós cionn na teine cun é do leaghadh, annsan tughadh olar air. Fuaireadh luachra agus baineadh an cuid ba mhó ar chroichinn díobh.
Bhíodh corcán mór de uisce te acu agus cuireadh an ngriosóir ina raibh an t-olar isteach ann cun é do coiméad te. Tomhadh na luachra isteach san olar go dtí go raibh siadh clúdhuighthe le h-olar. Annsan tóghadh amach iad le tiormú. Thugadar coinneal thomtha ar sin.
Nuair ná raibh na coinnle acu. Bhíodh scolbh gúise acu agus lasadh as an dteine é. Bhíodh coinnle múnla ann leis. Fuaireadar an blonog agus chuireadar an blonog isteach in griosóir ó's cionn na teine cun é do leagadh. Fuaireadar buaicheas agus chuireadar isteach san múnla é agus líonadh le h-olar é fágadh le tiormú é agus bíodh an coinneal réidh le lasadh annsan.- Bailitheoir
- Máire Nic Aoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rúscach Thiar, Co. Luimnigh