Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)

Suíomh:
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Múinteoir:
M. Bean Uí Dhanachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 355

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 355

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athea
  2. XML Leathanach 355
  3. XML “Giolla na Gruaige Doinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do bhí a mhuintir sásta agus thug a mháthair dó, mar lón bídh cun na mbóthar, císte aráin agus piosa feola. Amach an doras leis ansan go héadcrom aerach ar lorg a fhortuín agus d’fhág sé slán ag a mháthair. Bhí sé ag siubhal roimis amach mar sin agus an tráthnóna do shuidh sé síos ar thaobh an chlaidhé chun a chuid do chaitheamh.
    Ní tuisce go raibh sé ’na shuidhe na chonnaich sé sean-bhean bhocht ag teacht chuige an bothar. Bhual sí suas leis agus thosnuig sí ar éileamh deírce. “Ar mh’anam” ar seisean “níl leath phingin? ruadh agam. Táim gan prás, gan ór, gan airgead, ach mara beag leat píosa aráin agus stiall feola, seo dhuit chuid dá bhfuil agam agus fáilte agus fiche romhat.”
    D’ith sí a dtug sé agus níor bheag na paidireacha d’ofráil sí cun Dé ar a shon.
    “Cuiteóchaidh Dia duit di dhéagh-gníomh” arsan bhean agus í ag imtheacht léi. Ar aghaidh leis an ngarsún airís agus nuair a thánaig tuitim na hoidche air bhí sé traochta cnáite ó’n mbothar agus gan tig le feiscint ar aon taobh. Tar éis féachaint timpeall air do dhein sé nead dó féin de gabhail féir tirim fé sgeich mhóir ag bun claidhe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann