Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)

Suíomh:
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Múinteoir:
M. Bean Uí Dhanachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athea
  2. XML Leathanach 337
  3. XML “Seán Aerach agus an Bás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Séan Ó Flanagain do Chúm)
    I
    Ar bóthar Luimnighe do bhuail an bás liom
    Na Ghaduidé ghrána ‘s a dhrom le claidhe
    Do dhruid sé i’m choinnibh is do chraith sé lámh liom
    A’rádh “A shéain bhoicht, cé an nós ataoi”
    Tá mé tinn, dubhach, tuirseach, cnáidthe
    O’s na cúig mhála ‘tá ar agaidh mo chroidhe
    Leag ar an dtalamh iad agus gluais liom láithreach
    Go gleann aoibhinn aluínn agus déin aithrighe
    II
    D’fheácas suas ar an ngaduidhe ghrána
    ‘S d’iarrais spás air go ceann trí mhí
    Go téidhinn abhaile go dtí an sagart mánla
    An sagart do b’fearr a bhí i néide Chríost
    Annsúd do gheobhair mé i dtig an tabhairne
    I measc na sar-fear ag ól na dighe
    Is deirim go deimin duit dá bhfaighinn mo slaínte
    Gurbh fhada ón áit seo do gheobhair mé airís
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnaill Uí Chearabhail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCros, Co. Luimnigh