Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)

Suíomh:
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Múinteoir:
M. Bean Uí Dhanachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 333

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athea
  2. XML Leathanach 333
  3. XML “Cúirt Clíodna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí a lán cúirt eile aici annso agus ansúd i deir na hÉireann.
    Do bhí áit i n aice le Mainistir na Féile go mbíodh sí go minic ann. An Gleann do béadh é sin idir Áth an tSléibhe agus Mainistir na Féile.
    Aon lá amháin do bhí comórtas báire ‘gá imirt ann idir na Gleanntánaig agus fuirean Áth an t-sléibhe. Imeasc na daoine a bhí ag féachaint ar an gcluiche do bhí feirmeoír ó Áth an t-Sléibhe gurbh ainm dó Seámas De Roíste agus a mhac Seán. Thárla go raibh Clíodna insa cúirt an lá san, san Gleann agus do chuir sí súil ar Seán De Roíste. Buachaill breagh deas de sheacht mbliana é sin. Ní tuísce go bhfeaca sí an garsún no gur ghlac sainnt í an buacaill d’fuadach. Do chaith sí a clóca timpeall air agus fé scáth sgamaill duibh do sgiob sí cun siubhal sé isteach insan charraig. Ní fheaca súil daona é go ceann ceithre biana deug agus i ndeire an ama san do thaisbeain an garsún é féin d’á athair agus d’inis sé an scéal do, go raibh sé na príosúnach igcúirt Cliodna na Mumhan agus go raibh sé ceapaithe aici go bpósadh sé bean óg a bhí na príosúnac eile aici agus a bhí fuaduighche mar é feín agus a lán eile go dti an sluagh sídhe. Na theannta san d’innis sé dá athair na raibh ach aon duine beó d’feadar é d’fhuascailt. Dubhairt sé gurbh í an duine sin bean feasa i níochtar na hÉireann na coinnúidhe i gcoill beatha eois na Sionnaoine. Caithlín Dubh do bheadh í agus bandraoi cómhachtach le Cliodna féin.
    Nuair d’innis an buachaill an méid sin do sgeinn sé as radharc a athar. D’imigh Séamus siar go dtí Caithlín Dubh ach bhí feabhras trom uirthi agus dubhairt sí le Séamus go ndéanfadh a H’inghean Aoife an gno cómh maith leí feín. Ghéall Séamus go dtabharfadh sé aon luach-saothar na chumas Dí ach a mhac dílis d’fhuascailt ó bhraighdenas na sidhe.
    Dubhairt an cailín óg na beadh sé deachair í díol agus fuair sí craiceann réithe leath-bheártha agus thánadar araon aniar go dtí carraig Cliodna.
    Ansan do chuir an bhean óg an craiceann uirthi. Taobh na feóla agus na fola iompaigthe amach agus adharca agus cosa ag sileadh leí. Bhuathbhásac an radharc í.
    Ansan do labhair Aoife in árd a cinn agus a gutha “ A leitheíd seo a Cliodna na Mumhan ! tugaim foláramh duit. Is fada an turas chúgat sa agam ón áit go labhraim na héin ar dearg-ghráin na madraí ruadha. Seo duit fógra uatha san atá in áirde. Ma bhíonn Seán Mac Seamus pósta agat-sa le haoinne má bhíonn aon phóg féin amháin tabhartha dó ag óg mhnaoi cuirfidh árd rí na sídheóg mí-ádh agus leírsgrios agus dearg ruathar ort-sa agus ar do chuid go deó na ndeór.
    Do léim Clíodna amach agus sgárd ar a croidhe agus ceó draoidheachta ar a súilibh. Thánaig lagachar uirthi cheann féin. “Cé he tusa” ar sise in deire na dála. “Aoine na droch-súile no Aoibhil an cínn leath nó Ana Cléir ó Béamus no an Chailleach mharbhthac aniar ó Bhéara.” “Ní duine dén t-sórt san mise” arsa Aoife. “Ach banrióghan de sliocht na Bhfmórach a shíolraig mé agus Lúghaidhe Lámh-Fada dríochtar liom is eadh an Ridire Ruadh ó Bheann-Eadar agus Doirrín Deagal a dheanamh óganach de’n seanduine agus arduigheann an marbh ón uaig go beo borb arís.” Agus anois fógra duit a Inghean an Draoi Ruadh. Tabhair thar anois d’á athair Seán Mac Seamus gan bás, gan brón, gan báth, gan brú.”
    Agus dho sheól Clíodna amach an t-óganach go slán láidir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge