Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)

Suíomh:
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Múinteoir:
M. Bean Uí Dhanachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 326

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athea
  2. XML Leathanach 326
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dhá chéad bliadhan ó shoin, nach mór, do bhí ridire san nGleann. "Ridire dubh an ghleanna" a glaodhti air, ach do bhí ainm eile air ag muíntir Gleanna Corbraighe agus bhé an ainm sin ná "Fear iompuighche na casóige", coisc gur ghlac sé an creidheamh Sananach chun ghreim do choiméad ar fhearann a shínsir.
    Do bhí reachtaire aige: Míchéal ÓLongáin é sin. Is minic do bíodh ar ridire sin an tri-na-chéile i naigne agus in inntin agus bhíodh sé ag crádh an reachtaire. Is mó láimh-sgríbhinn luachmhar do chaith sé sa teine d'aon gno chun a chrádh.
    I ndeire na dála do chuir sé amach as a reachtaireacht é agus do chuir sé protastúnach in a ionad.
    Do dhein sé níos mó díobhala na san mar do chuir sé ar fán 7 ar seachrán a dhriachár féin, toisc na tréigfadh sé an creideamh fíor.
    Na Dlighche peinnúla fé ndear sin.
    ________________________________
    Is minic do bhíodh Míchéal ar aonach le stoc a mhaighistir do dhíol agus ba gnáth leis bheith ag Aonach Croma gan teip gach lughuasa.
    Duine de's na báird do bheadh míchéal agus file maith agus mar is éol do chách.
    Do bhí criunniú na bhfile gach uile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge