Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)

Suíomh:
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Múinteoir:
M. Bean Uí Dhanachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athea
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Scéal Ó Sheán Ó Conchubhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal ó Sheán Ó Conchubhair
    Taobh thiar dínn tá áit go dtugtar - Bínn an Easpaig.
    Timpeall dhá chéad bliain o Shoinn, bhíodh Easpaig Ciarraighe ann go minic.
    Tá tig mór compordach feirmeóra, le muintir Laochda i'n áirde ar an gcnoicín atá ann. Timpeall ar 1770 no mar sin, bhíodh Eoghan Ruadh Ó Suíllebháin ag obair sa comharsanacht.
    Aon uair amháin do bhí stáisiún ar suibhal ag an dtig sin. Bhí an Sagart Paróiste ag éisteacht faoistine agus bhí cúigear ina suidhe ar móin a bhí ann agus ag dul chun faoisdine na nduinse a's na nduine. Bhí Eoghan Ruadh ina measc.
    Cá bhuail isteach chucha ach triúr ban : daoine saibhre do bheadh iad agus nuair a chonnaic an sagart ag teacht iad, d'ordaigh sé as na fearaibh, imeachr leo agus slighe a thabhairt dos na mnaibh sin.
    Bhí fearg ar na fearaibh agus ní lugha ná go raibh árd fhearg ar Eoghan Ruadh, toisc an deabhadh a bhí ortha go léir cun brostú abhaile.
    Deirtear gur chúm Eoghan píosa filíochta a thaisbéanann an searbús nimhneach a gháinig air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge