Scoil: Creathlach, Mainistir na Féile (uimhir rolla 16371)

Suíomh:
An Chreatalach Thiar, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Dáithí Mac an Bháird
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creathlach, Mainistir na Féile
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Scéal - Éan an Cheoil Bhinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aon mhilleán a bheith aige ar a leanbh féin mar nach é a bhí ag déanamh aon drochrud ach a chlann féin agus dul ag féachaint ar a gcuid éadaigh agus go bhfaigheadh sé amach fíor í féin. D'imigh an t-athair agus chuaigh mé mar a raibh balcaisí na leanbh agus do bhí fuil an choin smeartha orthu. Do tháinig an-áthas air i dtaobh go bhfuair sé bréagach iad agus ar son amach do bhíodh sé féin in éineacht leo ar chnoc is ar shliabh.
    Aon la amháin is ead ag fuadach do chualadar an ceól binn tamall uatha. Do chuadha mar a raibh sé agus is eadh bhí éan ag seimint ar bhárr an chrainn. Do cuir an t-athair dúil ann agus d'órdaigh sé do na clainn an t-é a gcobhadh an t-éan gur leis a thuitfeadh a raibh aige. Do bhí san go maith. Do thángadar go dtí an gcrann agus má thángadar d'eitill an t-éan agus n'fheadar siad car chuaidh sé. Bhíodhar go dubhach brónach ach fé dheire do bhraithnigh duine aca leach-chloiche go raibh lúb ar a bhárr in aice leis. Do tharraig sé na lúb agus do tháinig an leac leis agus d'oscail poll sa talamh. Do chuireadar ar crannaibh ach cé ragadh síos ar dtús agus do thuit an crann ar an mac criona leis an dara mnaoí. D'imthigh sé síos agus ní raibh sé ach ag bun an phuill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0329: Hiding from the Devil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Daithí Mac an Bháird
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Ní Chatháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    22