Scoil: Creathlach, Mainistir na Féile (uimhir rolla 16371)

Suíomh:
An Chreatalach Thiar, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Dáithí Mac an Bháird
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creathlach, Mainistir na Féile
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Paidir Luain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do ghaibh Muire amach ar maidin roim lá,
    Do thárlaidh uirthe Naomh Jób
    An fear beannuighthe ó'n Róimh.
    Do bhronn sé uirthe brat,
    An brat a bhí "beannuighthe" le banndaí óir.
    "Go mbeannuightear díbh, a lucht an bhruit !
    Ná tugaidh faillighe bhur ngnó,
    Ná h-ithídh feóil Dé Céadaoin,
    Is ná tugaidh faillighe sa troscasdh
    Umhlaighídh sios do'n gcléir is do's na cúig lá

    Le Muire
    Umhluighidh síos do Mhic Dé
    Is beidh sibh in bhúr gcómh aos leis na leinbh
    Ná h-innisídh bréug do Mhuire
    Is beidh sí 'na bean-charaid agaibh
    Ar uair bhúr mbáis".

    An t-é a dearfaidh an duain seo trí h-uaire gach maidin Luain, do gheobhaidh sé Flaithis Dé mar dhuais, agus radharc ar an Maighdin Mhuire trí h-uaire romh bás.

    ó Eiblís Ní Chatháin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Ní Chatháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    22