Scoil: Lios Uí Ghrifín (uimhir rolla 12227)
- Suíomh:
- Lios Uí Ghrífín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seosamh Ó Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lios Uí Ghrifín
- XML Leathanach 481
- XML “Caointe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cun a mharbhuighte. Cuir sé fios ar na saighdiúirí agus nuair a tháínig an lucht marbhuighthe scaipeadh iad agus gabadh Tadhg agus theich an chuid eile. D'innis Tadhg a sgéal ach níór creideadh é, agus crocadh go crann láithreach é:-
CAOINEADH THAIDHG na SAMHNA(I)A Thaidhg na Samhna, b'fear ceannsa tí' thu,
Bean-mhín do labhair,' is níoraibh feall 'san chroidhe 'gat,
Ó'r thógais do cheann do bhí greadhn na ndaoine ort,
Cé crocadh go crann i nGleann Uí Chroim thu.
(II)'Dé an iongnadh liom-sa dá n-deintá "Traison"
Beann tíghe nochtadh nó buille lae aonaigh
Ach a' gluaiseacht le fuireann nár choinnibh 'é chéíle
D'fágadar thusa 's d'imthígheadar 'na n-aonfheacht
(III)Do shíubhluigheas-sa leat-sa mór thímpal na h-Éireann
As siar go Baoí is Béarra
Go Beanntraighe isteach mar do bhíodh cion ar do ghaoltaibh
Cois Abhann Máighe is go h-Uibh Laoghaire(Dúbhairt an sgéaluidhe go raibh cuid mhaith eile sa caoineadh ach go raibh sé dearmhadta aice)
* * * * *Do bhí giotaí eile aice agus seo giota a dhein bean caointe os chionn cuirp duine duine éigean de shliocht uasal a bhí marbh. Dúbhairt sí go raibh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anne Uí Dhuibhir
- Inscne
- Baineann